.

Roish Dubh Lyrics

A Róisín, ná bíodh brón ort ná chás anois
tá do phárdún ó'n Róimh agus ó'n bPápa agat
tá na bráithre ag teacht thar
sáile agus ag tríall thar muir
'S ni ceilfear fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh
Tá grá agam i mo lár dhuit le blíain anois
grá cráite, grá cásmhar, grá ciapaithe
grá a d'fhág mé gan sláinte, gan rían, gan ruith
is go bráth, bráth, gan aon fháil a
leagadh ar mo Róisín Dubh
Beidh an Éirne ina tuilte dearga 's an spéir 'na fuil
beidh an saol ina choghadh craorach is réadfar chnoic
beidh gach gleann sléibhe ar fuid Éireann
agus móinte ar crith, la eigin
sula n-eagfaidh mo Róisín Dubh
Report lyrics
Top Ann Mulqueen Lyrics